An Blascaod Mór

Uaireanta Oscailte

Téann na báid farantóireachta isteach go dtí an Oileán ó mhí 1 Aibreán go 30 Meán Fómhair de ghnáth, idir timpeall 10.30 – 17.00, ach an aimsir a bheith oiriúnach.

Suíomh

Tá an Blascaod Mór suite 1 km amach ó chósta Chiarraí.

Taisteal

Ar bháid farantóireachta amháin is féidir dul isteach go dtí an Blascaod Mór. Gnónna príobháideacha iad na báid farantóireachta go léir agus tá siad go léir ceadúnaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Níl baint ag aon chomhlachtaí farantóireachta ar leith le hOifig na nOibreacha Poiblí agus ní thacaíonn sí le haon cheann acu thar a chéile. Níl aon lamairne ar an mBlascaod Mór agus mar sin is gá an chuid deiridh den aistear a dhéanamh i mbád inséidte.

Téann báid farantóireachta isteach go dtí an oileán i rith an tsamhraidh, nuair a bhíonn an aimsir oiriúnach. Tógann an turas idir fiche nóiméad agus uair an chloig, ag brath ar an gcé as a bhfuil an bád farantóireachta ag teacht. Tá amchláir suas chun dáta agus sonraí teagmhála le fáil ag na naisc a leanas: Blasket Islands Ferry, Bádóirí an Bhlascaoid Teo., Dingle Bay Charters, Marine Tours, Dingle Bay Speedboat Tours.

An Blascaod Mór

 

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Áiseanna

Níl áiseanna poiblí ar an mBlascaod Mór. Taobh thiar den bhaile tréigthe, is talamh fiáin atá i bhformhór an oileáin. Tá cúig theach réasúnta nua sa bhaile, áfach, a tógadh go luath san fhichiú haois, agus tá brú óige príobháideach déanta díobh sin anois. Tá sonraí an bhrú sin le fáil ag an nasc seo.

Níl an tOileán rochtanach dóibh siúd i gcathaoireacha rotha, agus moltar gan tabhairt faoin oileán mura bhfuil tú urrúnta

Aip

Screen Shot 2016-03-05 at 14.05.54Íoslódáil an aip do Thuras an Bhlascaoid Mhóir ar iOS nó ar Android saor in aisce.

Turais Threoraithe

Is féidir dul ar thuras spaisteoireachta den Oileán chomh maith. Is faoi úinéireacht agus stiúir phríobháideach na báid farantóireachta a fhreastalaíonn ar an oileán. Braitheann siad go mór ar an aimsir. Cuireann OOP turais threoraithe den seanbhaile ar fáil saor in aisce nuair a shroicheann cuairteoirí an oileán féin.

Cuairt

Uair an chloig go leith ar an meán a mhaireann cuairt ar an Oileán.

Grianghraif / Fístéipeanna

Tá cead grianghraif agus físeáin araon a ghlacadh.

Cead Isteach

Tá turais timpeall ar bhaile an Oileáin saor in aisce.

Má tá an aimsir ró-olc le dul thar sáile, téigh ar thuras ar líne ina ionad!