Bailiúchán

Tá bailiúchán suntasach d’earraí a bhain leis an mBlascaod Mór, na hOileánaigh, an litríocht a chruthaigh siad agus an saol a chaith siad ar coimeád in Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Tá roinnt acu le feiceáil thíos. Más mian leat aon earra sa bhailiúchán a scrúdú, bí i dteagmháil linn le do thoil.

Laindéar Coinnle

Sular tosnaíodh ar lampaí Pairifín a úsáid, sholáthraigh na hOileánaigh solas dóibh féin tré bhuaiceas nó geataire a lasadh i sliogán muirín nó ‘slige’ ina mbíodh ola éisc nó geir. D’úsáidtí chomh maith laindéirí coinnle ar nós an chinn ar taispeáint anseo.

Carraigín

Thriomaítí an carraigín, bheirítˆi mbainne é agus d’óltaí an deoch leighis san i gcóir an tslaghdáin. Is é an sórt seo babhla adhmaid ba ghnáthí a d’úsáid na hOileánaigh mar ‘phíosa’ chun uisce a thaoscadh as na naomhóga ar thurasanna farraige.

Naomhóg

Cé go gceannaítí go leor naomhóga ar an míntír, bhí sé de nós ag teaghlaigh áirithe a gcuid féin a thógáil. Cheanglaítí easnacha éadroma leis an ngunail íochtair, agus ‘ribíní’ ó cheann ceann an bháid. De ghnáth cuirtear ceithre thochta (suíochán) inti, agus tráth dá raibh chuirtí tochta crainn in aice na buaice. Ar deireadh, shíntí ‘craiceann’ de cheaileacó tarráilte thar an fráma.

Úmacha Asail

D’úsáideadh muintir an Oileáin na húmacha seo chun ualaí móna, fraoigh, agus feamainne a iompar.

20160403_105006

Lámhscríbhinn Amhráin

Amhrán é seo a chum an file áitiúil Peaidí Bán Ó Conchubhair faoi bhád den ainm ‘An Laeder’. Seo cóip a scríobh Tomás Ó Criomhthain amach sna 1920idí.

20160403_120810-1

Fáinne

De láimh, ar an Oileán féin, a rinneadh an fáinne seo atá ar stíl fháinne Chladaigh. Cuireadh poll i mbonn agus ansin lúbadh an bonn timpeall mar a bheadh fáinne ann.

20160411_114317

Veidhlín

Bhí an-ghlaoch ar veidhlíní ar an Oileán. Ag Maidhc Pheats Mhicí Ó Catháin, mac an Rí, a bhí an ceann áirthe seo. Bhí teist air mar cheoltóir maith i measc na nGael in New England. D’fhill sé ar Éirinn in 1909, ach d’fhág an veidhlín ina dhiaidh i dtigh tábhairne sa Daingean nuair a chuala sé an scéal brónach faoi bhá Dhónail Chriomhthain agus Eibhlín Nic Niocaill ar an Oileán. Thángthas arís ar an veidhlín, athchóiríodh é, agus bronnadh é ar an Ionad.

20160411_115216

Portráidí

‘Blasket Islanders: Peg Sears and Thomas Crohan 1932’ #1, le Harry Kernoff, RHA.
Faighte ag Aonad Bainistíochta Ealaíne Oifig na nOibreacha Poiblí in 2008.

20160403_105908

20160403_105908 copy

Deimhniú Eadóirseachta

Chuaigh an-chuid Blascaodach ar imirce chuig Springfield, Massachusetts, áit a bhí a muintir imithe rompu. Tá cuimhne láidir ar oidhreacht na mBlascaodach fós in Springfield.

 

 

Tá Ionad an Bhlascaoid Mhóir ag glacadh go fóill le hearraí a bhronntar air de réir a chleachtas bailiúcháin. Más spéis leat earra(í) a bhronnadh ba bhreá linn dá rachfá i dteagmháil linn.